FÓGRA TOGHCHÁIN DÁLA

 

DÁILCHEANTAR        PORT  LAIRGE

 

De bhun eascaire a d’eisigh Cléireach Dháil Éireann domsa táim ar tí dul i mbun toghadh  ceathar  (4)  Teachta Dála don dáilcheantar seo.

 

Féadfar páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos i rith na ngnáthuaireanta oifige.

 

Féadfaidh duine é/í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh tairgeoir a bheidh cláraithe mar thoghthóir Dála sa dáilcheantar é/í a ainmniú, lena chead/lena cead.

 

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin iarrthóra de chuid páirtí polaitíochta cláraithe, agus caithfear an deimhniú sin a thabhairt ar aird dom in éineacht leis an pháipéar ainmniúcháin líonta. 

 

Mura mbíonn deimhniú ag gabháil leis ní mór don iarrthóir, roimh an tráth is déanaí chun glacadh le hiarratais

·        30 aontú a bheith faighte aige nó aici le haghaidh an ainmniúcháin trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí Dála a bheidh cláraithe sa dáilcheantar (tá foirmeacha le fáil uaimse nó ón údarás clárúcháin), nó

·        €500 d’éarlais a leagan síos (is féidir éarlais a leagan síos ar son iarrthóra chomh maith).

 

Tá na sonraí faoi na riachtanais seo leagtha amach san Acht Toghcháin (Leasú) 2007.

 

Is é an t-am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh isteach an 12 a chlog meán lae an 11u  lá de Feabhra, 2016.

 

Féadfaidh an t-iarrthóir nó a thairgeoir páipéir ainmniúcháin agus iad comhlánaithe a sheachadadh domsa go pearsanta aon tráth a mbeidh mé i m’oifig, ó 10 a chlog ar maidin an 8u lá de Feabhra, 2016, go dtí 12 a chlog meán lae ar an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh.

 

Éilítear orm de réir dlí a bheith i láthair chun ainmniúcháin a ghlacadh idir 10 a chlog ar maidin agus 12 a chlog meán lae agus idir 2 a chlog agus 5 a chlog sa tráthnóna an  10u lá  de Feabhra, 2016, agus idir 10 a chlog ar maidin agus 12 a chlog sa tráthnóna an 11u  lá de Feabhra, 2016.

 

Má théitear in iomaíocht sa toghchán, beidh vótaíocht ann an 26u lá de Feabhra, 2016, idir 7.00  a chlog ar maidin agus 10.00  a chlog sa tráthnóna.

 

                                                                                                                     NIALL  ROONEY

__________________

Ceann Comhairimh

 

                                                Seoladh           Teach na Cuirte,

                                                                        Mainear Grace Dieu,

                                                                        Bothar Tra Mhoir,

                                                                        Port Lairge.   

                                               

                                                   Dáta             4u la de Feabhra, 2016.